MAITS: Achoimre
Achoimre den Togra
Chun cumarsáid éifeachtach ilteangach a bhaint amach, is gá go mbeadh
úsáideoirí in ann seirbhísí teileamaitice a láimhseáil ina rogha teanga, le
tacair carachtar agus le gnáthóga cultúrtha dá rogha féin, agus a bheith in
ann aistriú siar agus aniar idir na roghanna sin. Ainneoin forás gasta
domhanda na teileamaitice, níl bealach caighdeánach ann chun ábhar
ilteangach a léiriú, a ionramháil ná a chur ar taispeáint. Cuireann seo bac
ar dhaoine nach Béarlóirí ó dhúchas iad a gcuid féin a dhéanamh de shochaí
an eolais. Tá géarghá le huirlisí agus le hearra bog ar féidir leo
teorainneacha teangeolaíochta a shárú. Riachtanas é sin nach bhfuil móran
freastail faoi láthair air.
Aidhmeanna
Tá réitigh éagsúla ann chun deighleáil le gnáthóga cultúrtha agus le tacair
carachtar, cuid na comhghuallaíochta X/Open, mar shampla. Tá ar intinn ag
MAITS córais éagsúla teicneolaíochta a shníomh lena chéile agus a leathnú i
slí is go ndéanfar aon chóras aontaithe amháin díobh. Chuige sin, cruthóidh
MAITS Comhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchlár (API), a chuimseoidh ceithre
leibhéal próiseála:
Tiontú tachair carachtar idir cliaint agus friothálaí
Traslitriú agus gnáthóga cultúrtha
Aistriúchán teaghrán stóráilte
Rochtain ríomhaistriúcháin
Léireofar éifeacht an API a chruthóidh MAITS i dteangacha éagsúla agus i
dtíortha éagsúla, agus i roinnt feidhmchlár tábhachtacha, X.400, X.500,
exmh, WWW, agus Sybase, mar shampla. Beidh baill den chomhghuallaíocht
páirteach in eagraíochtaí oiriúnacha caighdeánaithe.
Pobail Úsáideoirí
Mar lucht forbartha agus soláthraithe uirlisí teileamaitice, beidh baill na
comhghuallaíochta atá freagrach as MAITS ar na chéad úsáideoirí ionadaíocha
den réiteach nua teicneolaíocht seo. Beidh riarthóirí agus úsáideoirí
seirbhísí teileamaitice ina mbaill de Ghrúpa na nÚsáideoirí, maraon le lucht
forbartha earra bog ríomhaireachta agus soláthróirí ábhar teileamaitice. I
ndeireadh na dála, táthar ag súil go ndéanfaidh MAITS freastal ar fhormhór
na ndaoine a úsáideann X.400, ríomhphost idirlín agus an Líon Domhanda.
Beidh díoltóirí neamhspleácha pacáistí idirnáisiúnaithe in ann leas a bhaint
as an API a chruthóidh MAITS.
Suíomh Oibre
Is é an gnáth-shuíomh oibre a shamhlaítear le MAITS ná úsáideoir ag a bhfuil
PC nó Mac ag iarraidh eolas a rochtain ar fhriothálaí atá faoi réir ag córas
códála eile. Minic go leor, tharlódh sé nach léireofaí i gceart carachtair
ar a bhfuil aicinn, mura mbeadh córas tiontaithe tacair carachtair ann. Ar
an leibhéal is bunúsaí, dob fhéidir le feidhmchlár MAITS-oilte ábhar a
thiontú i ngan fhios don úsideoir. Ar leibhéil níos airde, dob fhéidir
traslitriú Laidine a chur ar théacs Gréigise, mar shampla, eochairfhocal a
aistriú chun eolas a chuardach in eolairí agus ríomhaistriú a úsáid chun na
torthaí a phróiseáil.
Torthaí
Táthar ag súíl go n-éascóidh MAITS cumarsáid idir lucht labhartha teangacha
éeagsúla, aistriú sonraí ó áit go háit, ó chóras go córas, ó script go
script, agus ó theanga to teanga.
Tairbhe
Cruthófar agus cuirfear ar an margadh X.400, X.500, sracléitheoir WWW agus
uirlisí forbartha feidhmchlár de bharr an togra seo. Cuirfidh Sybase agus
NEXOR MAITS ar fáil lena dtáirgí féin. Táthar ag súil go mbeidh glacadh go
forleathan ag lucht socraithe caighdeán agus ag lucht teileamaitice leis na
caighdeáin a eascróidh as MAITS.
English text: Iain Urquhart iain.urquhart@lux.dg13.cec.be 1995-09-07.
HTML: Michael Everson everson@indigo.ie
1995-09-10. Gaeilge: Marion Gunn mgunn@indigo.ie
1996-02-07.
Téir go dtí leathanach baile MAITS.